
Cupla mí ghnóthach anseo i mBéal Feirste agus amhráin úra á scríobh agam, chomh maith leis an obair: suíomh úr do mo ‘dheirfiúir thár-sáile’ Kathleen Deignan, suíomh idirlín agus dearadh albaim úr don oll-ghrúpa At First Light agus margaíocht úr d’Institiúd Spioradálta Choláiste Í in Nua Eabhrac.
Nuair a scríobhaim amhráin, tá orm dearmad a dhéanamh ar mo shaol féin agus mé féin a chur i gcorp scéala. Focail brónacha a dtig amach i ndúch go minic, an fadhb atá ag scríobhneoirí is dóighe ná go bhfuil deacracht acu dea-scéal a chruthu. Imeachtaí sa tír seo, ins an Phailistín, i mhór-roinn na hAifrice – rudaí a chímid níos minice na aisghar acht ‘Don’t Ask, Don’t Tell’ agus a leithid, an dea-nuacht.
B’fhéidir gur chóir dúinne dea-scéalta a chruthu, ach b’fhéidir nár chóir de dheasca an mhí-nadúr atá bainte le dul in éadan ár instinn chruthaiteach. Níl na freagraí agamsa! Ar scór ar bith, cupla líne (a n-athraim go minic!).
D’ísligh mé mo ghrá ‘san uaigh ar maidin,
Mo chroí ag réabadh le pian deich céasadh.
An mbeidh Samhradh linn nó bláth ar a h-uaighe?
Ná tréig ár n-aontas i ndeireadh mo laetha
Beir bua!
Robbi x
